Nuacht

Níl aon dul chun cinn á dhéanamh go fóill sna cainteanna síochána atá ar bun sa Chátar sa Mheánoirthear féachaint le sos cogaidh a fháil idir fórsaí Iosrael agus treallchogaithe Hamas.
Tá beagnach 19,000 duine i nGaza maraithe ag fórsaí Iosrael, an IDF, ó 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh Hamas 1,200 duine in Iosrael agus a d'fhuadaigh siad 240 duine.